Treoir Cur Chun Feidhme eTwinning – Oideachas Luath – Óige

Is é Aistear an Creat Curaclaim Luath – Óige do gach leanbh idir 0 – 6 bliana d’aois in Éirinn. Baineann an creat úsáid as ceithre théama idirnasctha chun cur síos a dhéanamh ar fhoghlaim agus ar fhorbairt na leanaí: Folláine; Féiniúlacht agus Muintearas; Cumarsáid; agus Iniúchadh agus Smaointeoireacht.
Léiríonn an treoir seo conas is féidir eTwinning a úsáid mar uirlis chun an Creat Curaclaim Aistear a chomhlíonadh le tagairt shonrach do na ceithre théama seo.
Íoslódáil